Cé Muid Féin / About NORF

Cé Muid Féin – Fóram Náisiúnta na hÉireann um Thaighde Oscailte

Cur síos

Bunaíodh Fóram Náisiúnta na hÉireann um Thaighde Oscailte (NORF) in 2017 chun clár oibre na hÉireann um Thaighde Oscailte a chur chun cinn. Cuireann NORF spás ar fáil i gcomhair cumarsáide, comhairliúcháin agus comhoibriú i measc príomhpháirtithe leasmhara sa chóras taighde maidir le saincheisteanna straitéiseacha agus beartais agus nósanna imeachta uileghabhálacha sa taighde oscailte. Cuireann an Fóram saineolas i dtoll a chéile ó ionadaithe d’eagraíochtaí beartais, eagraíochtaí maoinithe taighde, eagraíochtaí déanta taighde, earnáil na leabharlainne, earnáil na fiontraíochta agus príomhpháirtithe leasmhara eile sa chóras taighde ar fud na hÉireann.

Tá NORF maoinithe ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta tríd an Údarás um Ard-Oideachas (ÚAO). Tá sé á bhainistiú ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann (TDÉ), a thagann faoi eintiteas dlíthiúil Acadamh Ríoga na hÉireann. Tá sé faoi chomhchathaoirleacht an Bhoird Taighde Sláinte (BTS) agus an ÚAO.

Tá dhá phríomhghné i gceist le ról NORF:

Gníomhartha náisiúnta a fhorbairt agus a mholadh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le córas taighde na hÉireann a athrú chun cleachtais taighde oscailte a neartú, a chur chun cinn nó tacú leo ar bhealach níos fearr, de réir mar atá leagtha amach sa Chreat Náisiúnta um Aistriú chuig Timpeallacht Taighde Oscailte (2019) agus sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Thaighde Oscailte, 2022-2030. Déanfar athbhreithnithe tréimhsiúla ar an bPlean Gníomhaíochta Náisiúnta chun athbhreithniú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta agus chun tuilleadh gníomhartha a chur leis.

Maoirsiú agus treoir a thabhairt ar chur i bhfeidhm an Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Thaighde Oscailte i gcomhthéacs Thionchar 2030: Straitéis Taighde agus Nuálaíochta na hÉireann. Tacaíonn Ciste Taighde Oscailte FRTO, arna sholáthar ag an Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE) tríd an ÚAO, le gníomhaíochtaí tosaíochta a sheachadadh sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta. Tá an ciste seo á bhainistiú ag Taisclann Dhigiteach na hÉireann (TDÉ) agus déantar é a dháileadh trí phróiseas leithdháilte ar aghaidh a ndéanann FRTO maoirseacht air.

 Gníomhaíocht

Déanann FRTO réimse gníomhaíochtaí chun a ról a chomhlíonadh. Áirítear leo sin:

  • Teagmháil a dhéanamh le páirtithe leasmhara agus leis an bpobal maidir leis an taighde oscailte agus saincheisteanna gaolmhara trína struchtúr rialachais, dioscúrsaí, oiliúint agus imeachtaí.
  • A chion féin a dhéanamh le heolas agus comhairle a thabhairt maidir le ceapadh beartais in Éirinn agus go hidirnáisiúnta.
  • Tacú le taighde oscailte agus an tionchar agus na buntáistí a bhaineann leis don chóras náisiúnta taighde.
  • Tacú le tionscadail a fhaigheann maoiniú ó FRTO chun gníomhartha a chur i bhfeidhm atá sa Phlean Gníomhaíochta Náisiúnta um Thaighde Oscailte.
  • Deontais a bhronnadh agus sainthuarascálacha a choimisiúnú chun críocha sonracha le dul chun cinn na hÉireann sa taighde oscailte a chur chun cinn agus a luathú.

Faigh an scéala is déanaí inár Nuachtlitir

Cláraigh anois.

About us – Ireland’s National Open Research Forum

Description

Ireland’s National Open Research Forum (NORF) was established in 2017 to drive the Irish agenda for Open Research. NORF provides a space for communication, consultation and cooperation among key stakeholders in the research system regarding strategic issues and overarching policies and procedures in open research. The Forum combines the expertise of representatives from policy, research funding organisations, research performing organisations, the library sector, enterprise and other key stakeholders in the research system across Ireland. 

NORF is funded by the Department of Further and Higher Education, Research and Innovation and Science through the Higher Education Authority (HEA). It is managed by the Digital Repository of Ireland (DRI), which is headquartered under the legal entity of the Royal Irish Academy. It is co-chaired by the Health Research Board (HRB) and the HEA.

There are two main strands of NORF’s role:

  • To develop and propose national actions to address the challenges of changing the Irish research system to strengthen, promote or better support open research practices as outlined in the National Framework on the Transition to an Open Research Environment (2019) and the National Action Plan for Open Research 2022-2030. Periodic reviews of the National Action Plan will be conducted to review progress made and release updates with further actions.
  • To oversee and guide implementation of the National Action Plan for Open Research within the context of Impact 2030: Ireland’s Research and Innovation Strategy. NORF’s Open Research Fund, provided by the Department of Further and Higher Education, Research, Innovation and Science (DFHERIS) through the HEA, supports the delivery of priority actions in the National Action Plan. This fund is managed by the Digital Repository of Ireland (DRI) and is distributed through an onward allocation process overseen by NORF.

Activity

NORF carries out a number of activities in order to fulfil its role. These include:

  • Engaging with stakeholders and the public on open research and related issues through its governance structure, discourses, training and events.
  • Helping to inform and advise policy making in Ireland and internationally.
  • Advocating for open research and its impacts and benefits for the national research system. 
  • Supporting projects in receipt of NORF funding to deliver actions in the National Action Plan for Open Research.
  • Awarding grants and commissioning expert reports for specific purposes to advance and accelerate Ireland’s progress in open research.