Mar cheiliúradh ar Sheachtain na Gaeilge, tá lúcháir ar Fhóram Náisiúnta na hÉireann um Thaighde Oscailte (NORF) an Tionscnamh Heilsincí maidir leis an Ilteangachas sa Chumarsáid Léannta a aistriú go Gaeilge.
In celebration of Seachtain na Gaeilge, the National Forum of Ireland (NORF) is delighted to have translated the Helsinki Initiative on Multilingualism in Scholarly Communication into Irish.
Is rud idirnáisiúnta é an taighde. Is maith an rud é sin, dar linn! Coinníonn an t‑ilteangachas taighde atá ábhartha go háitiúil beo. Cosain é! Nuair a scaiptear torthaí taighde i do theanga féin, cuirtear le tionchar an tsaothair. Tacaigh leis! Tá sé ríthábhachtach go roinnfí eolas leis an saol mór, seachas leis an saol acadúil amháin. Cuir chun cinn é! Is iondúil nach láidir a bhíonn córais na cumarsáide léannta i dteangacha náisiúnta. Ná caill é!
Na daoine siúd a chuir a lámh le Tionscnamh Heilsincí maidir leis an Ilteangachas sa Chumarsáid Léannta, tá siad den tuairim gur cheart don lucht déanta beartas, do cheannairí, ollscoileanna, institiúidí taighde, maoinitheoirí taighde, leabharlanna, agus taighdeoirí na moltaí seo a leanas a ghlacadh chucu féin.
- Tacaigh le scaipeadh torthaí taighde ar mhaithe leis an saol mór.
- A chinntiú go dtugtar aitheantas do thaighdeoirí a scaipeann torthaí taighde lasmuigh den saol acadúil agus a thugann aird ar chúrsaí oidhreachta, cultúir agus sochaí.
- A chinntiú go mbíonn fáil chothrom ar eolas a fhaightear trí thaighde i dteangacha éagsúla.
- Cosain na córais náisiúnta um fhoilsiú taighde atá ábhartha go háitiúil.
- A chinntiú go mbíonn a ndóthain acmhainní ag irisleabhair agus foilsitheoirí leabhar nach bhfuil dírithe ar bhrabús a dhéanamh, mar aon leis an tacaíocht a theastaíonn uathu le hardchaighdeáin cháilíochta agus taighde a choinneáil.
- A chinntiú go gcosnaítear irisleabhair agus foilsitheoirí leabhar náisiúnta agus iad ag aistriú chuig samhail na rochtana oscailte.
- Cuir an éagsúlacht teanga chun cinn i gcórais measúnaithe, breithmheasa agus maoinithe taighde.
- A chinntiú go dtuigeann saineolaithe i mbun breithmheasa a luachmhaire atá taighde ardchaighdeáin, is cuma cén teanga ina bhfoilsítear é agus cén chaoi a bhfoilsítear é.
- I gcás go n-úsáidtear córais atá bunaithe ar mheadarachtaí, a chinntiú go gcuirtear san áireamh go cuí irisleabhair agus leabhair i ngach teanga.
Taobh thiar de Thionscnamh Heilsincí maidir leis an Ilteangachas sa Chumarsáid Léannta tá Cónaidhm Cumann Léannta na Fionlainne (TSV), an Coiste um Fhaisnéis Phoiblí (TJNK), Cumann Foilsitheoireachta Léannta na Fionlainne, Ollscoileanna na hIorua (UHR) agus an Gníomh COST “Líonra Eorpach um Measúnú Taighde sna hEolaíochtaí Sóisialta agus sna Daonnachtaí” (ENRESSH).
Feachtas is ea “I ngach teanga” a iarrann ar an lucht déanta beartas, ar cheannairí, ollscoileanna, institiúidí taighde, maoinitheoirí taighde, leabharlanna, agus taighdeoirí a súile a oscailt agus an t‑ilteangachas a chur chun cinn sa chumarsáid léannta. Más mian leatsa a bheith páirteach san fheachtas, déan ráiteas nó físeán a phostáil ar Twitter nó Facebook go bhfuil tusa agus do chuid comhghleacaithe ag tacú leis an ilteangachas sa chumarsáid léannta, #InGachTeanga ar ndóigh.
Helsinki Initiative on Multilingualism in Scholarly Communication
Research is international. That’s the way we like it! Multilingualism keeps locally relevant research alive. Protect it! Disseminating research results in your own language creates impact. Endorse it! It is vital to interact with society and share knowledge beyond academia. Promote it! Infrastructure of scholarly communication in national languages is fragile. Don’t lose it!
The signatories of the Helsinki Initiative on Multilingualism in Scholarly Communication support the following recommendations to be adopted by policy-makers, leaders, universities, research institutions, research funders, libraries, and researchers.
- Support dissemination of research results for the full benefit of the society.
- Make sure researchers are merited for disseminating research results beyond academia and for interacting with heritage, culture, and society.
- Make sure equal access to researched knowledge is provided in a variety of languages.
- Protect national infrastructures for publishing locally relevant research.
- Make sure not-for-profit journals and book publishers have both sufficient resources and the support needed to maintain high standards of quality control and research integrity.
- Make sure national journals and book publishers are safeguarded in their transition to open access.
- Promote language diversity in research assessment, evaluation, and funding systems.
- Make sure that in the process of expert-based evaluation, high quality research is valued regardless of the publishing language or publication channel.
- Make sure that when metrics-based systems are utilized, journal and book publications in all languages are adequately taken into account.
Helsinki Initiative on Multilingualism in Scholarly Communication has been prepared by the Federation of Finnish Learned Societies (TSV), the Committee for Public Information (TJNK), the Finnish Association for Scholarly Publishing, Universities Norway (UHR) and the COST Action “European Network for Research Evaluation in the Social Sciences and the Humanities” (ENRESSH).
“In all languages” campaign is a wake-up call for policy-makers, leaders, universities, research institutions, research funders, libraries, and researchers to promote multilingualism in scholarly communication. Participate by posting in Twitter or Facebook a statement or video of your or your colleagues’ support for multilingualism in scholarly communication, of course #InAllLanguages.